Ordú urchoisc

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí DoiciméadOrdú urchoisc
Cineálpionós Cuir in eagar ar Wikidata

Is éard is ordú urchoisc ann ná ordú cúirte a choisceann ar an duine fanacht sa bhaile, toisc go bhfuil sé de chlaonadh ann foréigean a dhéanamh ar a theaghlach. In Éirinn, tá eisiúint an ordaithe urchoisc bunaithe ar an Acht um Fhoréigean Baile ón mbliain 1996. Is í an chúirt dúiche a eisíonn na horduithe urchoisc. An duine a bhíonn á bhualadh nó á chéasadh ag a chéile nó ball eile dá theaghlach go tráthrialta, caithfidh sé freastal ar éisteacht cúirte le hordú urchoisc a bhaint amach don duine fhoréigneach.

Má théann an duine atá faoi ordú urchoisc, má théann sé i gcóngar dá theaghlach, is féidir leis na Gardaí é a ghabháil láithreach bonn. Thairis sin, is cion coiriúil ann féin é an t-ordú a shárú, agus is féidir príosúnacht dhá mhí déag a ghearradh don chiontóir.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]