Ordú sábháilteachta

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Ordú cúirte is ea an t-ordú sábháilteachta a eisíonn an chúirt le srianta a chur le duine a bhfuil de chlaontacht ann foréigean a dhéanamh ar bhaill a theaghlaigh féin. An duine a bhfuil ordú sábháilteachta i bhfeidhm ina dhiaidh, tá cead aige fanacht sa bhaile lena theaghlach, ach is féidir leis na Gardaí é a ghabháil is a chúiseamh i gcion coiriúil má dhéanann sé foréigean ar bhall dá theaghlach nó má bhagraíonn sé a leithéid a dhéanamh.

In Éirinn, tá eisiúint na n-orduithe seo bunaithe ar an Acht um Fhoréigean Baile ón mbliain 1996.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc[cuir in eagar | athraigh foinse]