Jump to content

Olltoghchán na hAfraice Theas, 2024

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtOlltoghchán na hAfraice Theas, 2024
Íomhá
Cineállegislative election (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta na bliana29 Bealtaine 2024 Cuir in eagar ar Wikidata
Tíran Afraic Theas Cuir in eagar ar Wikidata
Oifig le buachanball de Thionól Náisiúnta na hAfraice Theas Cuir in eagar ar Wikidata
Poster de chuid an DA (Democratic Alliance)

Reáchtáladh Olltoghchán na hAfraice Theas, 2024[1] ar an 29 Bealtaine 2024.[2]

Tháinig deireadh le réimeas 30 bliain pháirtí an Comhdháil Náisiúnta Afracach (ANC) i gcumhacht tromlaigh ar an tír. 40% den vóta a fuair an páirtí sa toghchán - titim mhór ón sciar de 57.5% a fuair siad i 2019.[3] Fearg maidir le ráta ard dífhostaíochta, ciorruithe cumhachta agus easpa comhionnanais a ba chúis leis an phobal a míshástacht leis an ANC a chur in iúl sna botháin vótála.[3]

Chuaigh na páirtithe i mbun idirbheartaíochta le rialtas nua a chur le chéile, sula n-iarrfar ar an pharlaimint uachtarán nua a ainmniú. Meastar gur as páirtí an ANC a roghnófar an t-uachtarán ainneoin go bhfuil páirtithe eile ag éileamh go n-éireodh an tUachtarán Cyril Ramaphosa as oifig sular féidir comhrialtas a bhunú. Síltear go mb'fhéidir nach fada eile a mhairfeas Ramaphosa ina Uachtarán má ghéilleann an ANC do na páirtithe eile nó má thugann iarrthóir eile taobh istigh den pháirtí a dhúshlán.[3]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Béarla : 2024 South African general election
  2. RnaG (2024-05-28). "Cathal Seoighe : Ollamh in Ollscoil na hÉireann Gaillimh, fear a chaith ocht mbliana san Afraic Theas." (ga-IE). RTE Radio. Dáta rochtana: 2024-06-02.
  3. 3.0 3.1 3.2 Nuacht RTÉ (2024-06-02). "Cainteanna comhrialtais san Afraic Theas - deireadh le ré an ANC" (as ga-IE).