Fathachréalta dhearg
Cuma
(Athsheolta ó Ollréalta dhearg)
Réalta fhionnuar dhearg, 10-100 oiread thrastomhas na Gréine, agus na céadta míle oiread de lonracht na Gréine, ach mais cosúil le mais na Gréine. Tarlaíonn a leithéid go déanach i dtimthriall beatha réalta, i ndiaidh an phríomhsheichimh nuair a bhíonn an hidrigin sa chroíleacán ídithe agus a thosaíonn na cisil sheachtracha ag leathnú amach. Is é seo atá i ndán don Ghrian timpeall 5,000 milliún bliain amach anseo.[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Fathachréalta dhearg". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 256.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |