Jump to content

Oiriúnú (sochaí)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Glas - indibhidiúlachas[1]; Oráiste/dearg - comhsheilbheachas

Ó thaobh na socheolaíochta, is éard atá i gceist le oiriúnú ná claonadh daoine a bheith i gcomhréir lena dtimpealleacht shóisialta.[2][3] Is iomaí gné den tsochaí ina bhfaightear oiriúnú den chineál seo: cloí le traidisiúin na háite, leanúint don fhaisean, gníomh comhalta, agus araile.[4][5]

9 Samhain 1971: Cuireadh tarra agus cleití ar Martha Doherty, 19 bliain d’aois, i nDoire. Rinneadh é de bharr gur thit sí i ngrá le saighdiúir agus go raibh siad ar tí pósadh.

Go minic, bíonn brú sóisialta ar dhaoine a bheith ar nós gach duine eile sa tsochaí; d'fhéadfaí 'oiriúnú cultúir' a thabhairt ar an bhfeiniméan. Sa pholaitíocht, níos minice ná a mhalairt, tá nós ann géilleadh do ghnásanna an mhóraimh. Éilíonn na faisistigh agus na cumannaigh go gcloíodh gach duine lena n-idé-eolaíocht. Ní ghlacann siad go bhfuil daoine ann a mbíonn a mbealach féin acu.

Tharla borradh an indibhidiúlachais san Iarthar sa 20ú haois, ach tá an comhsheilbheachas láidir fós san Áise.

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. Beugelsdijk, S., & Welzel, C. (2018). Dimensions and dynamics of national culture: Synthesizing Hofstede with Inglehart. Journal of Cross-Cultural Psychology, 49(10), 1469-1505.
  2. "English–Irish Dictionary (de Bhaldraithe): conform" (en). www.teanglann.ie. Dáta rochtana: 2021-11-09.
  3. "conformity - Translation to Irish Gaelic with audio pronunciation of translations for conformity by New English-Irish Dictionary". www.focloir.ie. Dáta rochtana: 2021-11-09.
  4. gaois.ie. "'oiriúint shóisialta' — Téarmaíocht / Téarmaíocht IATE". Grúpa taighde Gaois. Dáta rochtana: 2021-11-09.
  5. ""comhfhoirmeacht shóisialta"". téarma.ie. Dáta rochtana: 2021-11-09.