Oighear mara

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Oighear a chruthaítear trí reo an tsáile. Ag domhanleithid arda san Artach is an tAntartach, titeann an teocht a dhóthain chun go reonn an sáile (ag -1.9 °C ar an meán). De réir mar a chruthaítear an t-oighear eisiatar na salainn thuaslagtha ó struchtúr an oighir, rud a mhéadaíonn salandacht an tsáile atá fós gan reo, ag cruthú oighir le salandacht níos lú ná an bunsáile. Ar deireadh, eisiatar an salann go léir ón oighear mara ionas gur oighear uisce úir é. Is éagsúil na cnoic oighir ón oighear mara, mar is bloic mhóra iad a cruthaíodh as báisteach is sneachta fionnuisce, a dhealaigh ón gcósta is a shíob amach ar an bhfarraige.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Oighear mara". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 493.