Ocsaiteoisin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Hormón, ar peiptíd é, a bhíonn i láthair ag cúl na faireoige piotútaí in an-chuid veirteabrach. Sa duine táltar sa hipeatalamas é, ach stóráiltear é sa bhfaireog phiotútach, agus scaoiltear amach uaithi sin é. Sa bhaineannach atá ag lachtadh, scaoiltear é nuair a thugtar an chíoch don leanbh nuabheirthe, agus cuireann sé seo tál an bhainne ar aghaidh. Spreagann sé crapthaí sa bhroinn le linn luí seoil. Níl aon eolas ar a fheidhmeanna sa bhfireannach.