Astana

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Nur-Sultan)
Astana

Is í Astana príomhchathair na Casacstáine. Cathair nua is ea í, nó ní dhearnadh príomhchathair di ach sa bhliain 1997. B'í Almaty, cathair mhór atá suite in oirthuaisceart na tíre, a bhí ina príomhchathair ar an tír go nuige sin.

Ainm[cuir in eagar | athraigh foinse]

Aqmola a bhí ar an áit sular haistríodh feidhmeanna na príomhchathrach ansin, ainm a chiallaíonn "An Tuama Bán" i dteanga oifigiúil na Casacstáine, an Chasaicis. Ainmneacha eile a bhí ar Nur-Sultan sna laethanta a bhí is ea iad Akmolinsk (leagan d'Aqmola atá curtha in oiriúint do nósanna logainmníochta na Rúisise) agus Tselinograd. Tá an dara hainm bunaithe ar an bhfocal Rúisise úd tselina, a chiallaíonn "branar", "talamh nua-threafa", "talamh atá á thabhairt chun míntíreachais". Níl san ainm "Astana", an t-ainm a bhí ar an gcathair le blianta beaga anuas, ach focal Casaicise a chiallaíonn "príomhchathair", agus tugadh an t-ainm seo ar an áit toisc go bhfuil sé furasta le fuaimniú ag na strainséirí féin. Athraíodh "Astana" go "Nur-Sultan" i mí na Márta, 2019, agus ar ais go "Astana" sa bhliain 2022.