Nua-aoisithe na Danmhairge

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is éard atá i gceist le Nua-aoisithe na Danmhairge ná gluaiseacht deartha a tháinig chun cinn sa Danmhairg sna 1920dí is a lean go dtí na 1960dí.

Theastaigh ó Nua-aoisithe na Danmhairge go n-athródh a gcuid troscán an bealach a maireann daoine agus iad sa tigh ag baile. D'fhág seo gur lú an spéis a bhí ag an gcuid ba mhó acu acu ina gcuid troscán mar mhaisiúchán stáitse, agus gur mhó a gcuid spéise sa chomhthéacs ina gcuirfí iad agus na fadhbanna timpeall an tí a bhféadfaidís a réiteach. Chaith Børge Mogensen deich mbliana ag déanamh anailíse ar na bealaí a mbaineadh na Danmhargaigh úsáid as seilfeanna agus spás stórála. D'oibrigh sé amach cé na cineálacha nithe a bhí i seilbh an ghnáth-Dhanmhargaigh agus d'oibrigh sé amach an méid spáis a theastaigh ó gach aon ní acu. An toradh a bhí air seo ná réimse seilfeanna Oresund, a forbraíodh idir 1955 agus 1967. Bhí d’aidhm acu seo gach fadhb stórála tí a chuirfeadh isteach ar mhuintir na Danmhairge a réiteach, cuspóir inmholta, ma ba chuspóir uaillmhianach féin é.