Nicolas Bourbaki

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Ainm cleite ar ghrúpa matamaiticeoirí Francacha den chuid is mó: Henri Cartan (1904-2008), Claude Chevalley (1909-1984), Jean Dieudonné (1906-1992), André Weil (1906-1998) is eile. Chinneadar sna 1930idí tráchtas ar ghlanmhatamaitic a scríobh a leagfadh an t-ábhar amach go cruinn loighciúil ó na bunphrionsabail. Thosaigh foilsiú Eléments de Mathematiques (Uraiceacht na Matamaitice) i 1939 agus lean ar aghaidh go dtí na 1980idí.