Niamey

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilNiamey
Ɲamay (mis)
Yamai (ha)
ⵏⵉⴰⵎⵢ (mis) Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 13°30′54″N 2°07′03″E / 13.515°N 2.1175°E / 13.515; 2.1175
Stáitan Nígir Cuir in eagar ar Wikidata
Príomhchathair de
Daonra
Iomlán1,026,848 (2012) Cuir in eagar ar Wikidata
• Dlús4,291.05 hab./km²
Tíreolaíocht
Achar dromchla239,300,000 m² Cuir in eagar ar Wikidata
Suite i nó in aice le limistéar uisceAn Nígir Cuir in eagar ar Wikidata
Airde207 m Cuir in eagar ar Wikidata
Ar theorainn le
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama
Cód ISO 3166-2NE-8 Cuir in eagar ar Wikidata

Is é Niamey príomhchathair na Nígire in iarthar na Afraice, agus is é an chathair is mó sa tír. Lárionad riaracháin, cultúir agus eacnamaíoch na Nígire atá ann. Tá an chathair suite ar bhruacha abhann na Nígire in iardheisceart na tíre, i lár réigiúin ina shaothraítear milléad péarlach. Sa chathair féin táirgtear brící, earraí ceirmeachta, suimint, agus earraí fíodóireachta. Sa bhliain measadh timpeall is 1.5 milliún duine ina gcónaí in Niamey.

Is dócha go raibh lonnaíocht san áit ina bhfuil Niamey inniu sa 18ú haois. Thosaigh baile ag fás i ndiaidh do na Francaigh cur fúthu ann sna 1890idí. Rinne siad príomhbhaile a gcoilíneachta sa chuid sin den Afraic de sa bhliain 1926. Nuair a bhain an Nígir a neamhspleáchas amach sa bhliain 1960, bhí timpeall is 30,000 duine ina gcónaí in Niamey. Bhí 774,255 duine ann de réir meastacháin a rinneadh sa bhliain 2006, agus fás tapa faoin gcathair i gcónaí.

Íomhá satailíte de Niamey