Neamhaidréinéirgeach neamhcholainéirgeach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Cur síos ar shnáithíní néarógacha uathoibríocha nach é noraidréinilín nó aicéitiolcoilín an néaratharchuradóir iontu. Freastalaíonn na néaróga seo ar na haerbhealaí, an lamhnán, an stéig is na baill ghiniúna. Is féidir gurb é ceann éigin de na púiríní (trífhosfáit adanóisín, mar shampla) an néaratharchuradóir NANC, nó peiptíd éigin (polaipeiptíd shoitheachghníomhach stéigeach, mar shampla).[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Neamhaidréinéirgeach neamhcholainéirgeach". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 479.