Naomh Treasa de Ávila
Misteach Spáinneach ab ea Naomh Treasa de Ávila, nó Teresa d'Avila (28 Márta 1515 – 4 Deireadh Fómhair 1582), agus ainmnithe i measc Magisterium na hEaglaise.[1]
Teresa Sánchez de Cepeda y Ahumada an t-ainm a bhí uirthi nuair a rugadh í in Ávila, an Spáinn.
Ceiliúrtar a lá féile ar an 15 Deireadh Fómhair.
Beatha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Rugadh Treasa sa bhliain 1515 agus tógadh í le dea-shampla agus le diagacht. Sa bhliain 1535 chuaigh sí isteach sa Chlochar Cairmilíteach in Ávila.[2]
Níos déanaí, iarradh uirthi an tOrd Cairmilíteach a leasú. An riail a bhí ag na mná rialta Cairmilíteach san am, níorbh í an riail bhunaigh na síor urnaithe í.
Sa bhliain 1562 bhunaigh sí an chéad mhainistir den riail ársa in Ávila agus chuir sí é faoi choimirce Naomh Seosamh.
Sula bhfuair sí bás, bhí tríocha mainistir bunaithe aici. Tá Scríbhinní Naomh Treasa ar an gcuid is tábhachtaí de litríocht na hEaglaise maidir le hurnaithe.[2]
Urnaí a scríobh Treasa d’Ávila.
[cuir in eagar | athraigh foinse]Níl corp ar bith ag Críost, seachas do chorp féin,
Níl lámh ná cos ar domhan aige, seachas do chuidse Is le do shúile a bhreathnaíonn sé ar an domhan seo,
Is leatsa na cosa a iompraíonn é chun an mhaitheas a dhéanamh
Is leatsa na lámha lena gcuireann sé a bheannacht ar phobal an domhain.[2]
Gaeilge
[cuir in eagar | athraigh foinse]I 1926 le cabhair airgid ó mhná rialta Naoimh Louis i gCoillte Mách, d’fhoilsigh Mícheál Langton a aistriúchán ar Histoire d’une Ame faoin teideal Scéal Anama (nó Beathafhéinscríbhinn Naomh Treasa leis an Leanbh Íosa)[3]. D’aistrigh Máire Ní Dhabhoireann a dírbheathaisnéis[4].
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ cumannnasagart.ie / Ardeaspag Diarmuid Martin. "LEAS-ARDEAGLAIS BHAILE ÁTHA CLIATH AGUS ÉIRÍ AMACH 1916". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2022-10-15. Dáta rochtana: 2022.
- ↑ 2.0 2.1 2.2 stbrendansbirr.ie. "Sr. Eileen’s Cúinne". Dáta rochtana: 2022.
- ↑ "Scéal anama : dírbheathaisnéis Naomh Treasa leis an Leanbh Íosa" (1997). [Baile Átha Cliath]: FAS. OCLC 37891243.
- ↑ ainm.ie. "NÍ DHABHOIREANN, Máire (c.1910–1990)" (ga). ainm.ie. Dáta rochtana: 2020-10-15.
Is síol faoi chreideamh é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
Is síol faoin Spáinne é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
Is síol faoi scríbhneoir é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |