Naomh Fiachra
![]() ![]() | |
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 607 (Féilire Ghréagóra) Éire ![]() |
Bás | 668 (Féilire Ghréagóra) 60/61 bliana d'aois Meaux ![]() |
Áit adhlactha | Meaux Cathedral (en) ![]() ![]() |
Faisnéis phearsanta | |
Reiligiún | Eaglais Chaitliceach Rómhánach |
Gníomhaíocht | |
Teangacha | Béarla |
Ardú | |
Lá féile | 30 Lúnasa ![]() |

Ba Éireannach é Naomh Fiachra a chuaigh thar lear ar lorg díthreibhe. Thaistil sé tríd an Normainn agus sa deireadh tharla gur casadh Naomh Faro air ag Meaux. I dtrátha 630 a chuir Fiachra faoi mar dhíthreabhach san fhoraois i mBreuil (gar de Meaux), áit ar thóg sé cillín, aireagal don Mhaighdean Mhuire, teach aíochta le haghaidh taistealaithe bochta ón choigríoch agus gairdín beag le freastal orthu. Níor fhág sé an áit go bhfuair sé bás ansin timpeall 670, agus gairmeadh Saint-Fiacre den áit ó shin.
Tá trácht air i nGaelscrínte i gCéin leabhair Thomáis Uí Fhiaigh: D'aistrigh sé iomann de chuid muintir Mheaux faoi:
- Éire a sheol an naomh thar lear,
- Meaux a ghlac leis, togha na bhfear,
- Is breá de Meaux go dtáinig sé,
- Is breá ag Éireann mac mar é