Nalini Priyadarshni

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaNalini Priyadarshni
Beathaisnéis
Breith26 Aibreán 1974
50 bliana d'aois
Jalandhar, An India Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síHans raj mahila maha vidyalaya (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Áit chónaitheLudhiana (en) Aistrigh
Gníomhaíocht
Gairmfile Cuir in eagar ar Wikidata

File Indiach agus scríbhneoir is ea Nalini Priyadarshni (a rugadh 26 Aibreán 1974). Tá a saothar foilsithe go forleathan san India agus in irisí liteartha agus i ndíolaimí thar lear.

Beatha agus saothar[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh Nalini Priyadarshni in Jhalandar. Bhí a dtuismitheoirí ina múinteoirí i scoil mhisin agus fuair sí céim onóracha Bhéarla ó Hans Raj Mahila Maha Vidyalaya. Fuair sí céim mháistir i Litríocht Bhéarla ó Ollscoil Punjab in Chandigarh. Bhí sí ag obair mar mhúinteoir meánscoile ar feadh tamall de bhlianta sular thosaigh sí ag obair mar shaorscríbhneoir agus eagarthóir.

Tá filíocht, gearrfhicsean agus ailt scríofa aici, in éineacht le léirmheasanna leabhar agus scannán. Tá a cuid filíochta agus ficsin le fáil ina lán irisí ar líne, leithéidí Yellow Chair Review, Calliope Magazine, The In-Flight Magazine agus Poetry Breakfast.

Tá sí ina heagarthóir cúnta ar a lán díolamaí idirnáisiúnta. Orthu sin tá Resonating Strings - Lehar Lehar Iktara, The Significant Anthology, Resonance, The Art of Being Human agus Persona-IIM C Anthology.

Sholáthair sí dánta do Contemporary Major Indian Women Poets, leabhar a d’fhoilsigh The Poetry Society of India, agus chuir sí eagar air.

Tá cnuasach dánta léi, Doppelganger In My House, foilsithe ag The Poetry Society of India. Scríobh sí cnuasach eile, Lines Across Oceans, in éineacht le Dwight Russel Micnhimer.

Thiomsaigh sí agus chuir eagar ar a lán imleabhar de shaothar Madan Gopal Gandhi, a d’fhoilsigh The Poetry Society of India. Orthu sin bhí Burnished Beads, Dervishes Dance, agus Bonsai Blossoms

Naisc[cuir in eagar | athraigh foinse]

Litríocht Indiach i mBéarla