Na Creagacha Dubha
| Suíomh | ||||
|---|---|---|---|---|
| ||||
| Stát ceannasach | Éire | |||
| Cúige Éireannach | Cúige Laighean | |||
| Contae in Éirinn | Contae Lú | |||
| Aitheantóir tuairisciúil | ||||
| Logainm.ie | 132304 | |||
Is sráidbhaile cois fharraige suite i gContae Lú iad na Creagacha Dubha.[1] Tá an sráidbhaile mar chuid de Bhaile Hagaird, baile fearainn agus paróiste shibhialta atá suite i nDún Dealgan Uachtarach. Tá breis agus 3,000 daoine ina gcónaí sa sráidbhaile.
Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Sna caogaidí agus sna seascaidí, bhíodh tarraingt mhór ar na Creagacha Dubha mar áit saoire do dhaoine ó chontaetha gan chósta, Muineachán agus Cabhán go háirithe. Cruthaíodh an trá nuair a tugadh isteach gaineamh ó thránna eile ar an gcósta, toisc go mbíonn an taoide ag glanadh an ghainimh ar shiúl, próiseas a chuireann le carnadh siolta i gCuan Dhún Dealgan. Tá athbhorradh faoi thurasóireacht sna Creagacha Dubha sna blianta beaga anuas.
Ó na seascaidí i leith, leathnaigh na Creagacha Dubha go suntasach agus anois is baile dórtúir de chuid Dhún Dealgan iad, agus meastar mar chuid de bhaile Dhún Dealgan iad chun críocha an daonáirimh. Tháinig méadú mór eile ar an sráidbhaile ó osclaíodh an Mótarbhealach M1 agus anois bíonn sciar mór den phobal ag comaitéireacht go Baile Átha Cliath. Is croílár an tsráidbhaile iad an trá agus an phromanáid, áit ina bhfaightear Tionscnamh Mílaoise na gCreagacha Dubha, clog gréine a mhaítear mar an chlog gréine is mó in áit phoiblí in Éirinn. Fós reáchtáiltear ócáidí tiomsaithe na Nollag, rás rafta, agus an iliomad féilí éagsúla ar an trá agus ar an bpromanáid gach bliain. Tá scaifte maith bialann agus tithe tábhairne suite feadh na promanáide chomh maith.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ “Na Creagacha Dubha/Blackrock | logainm.ie” (ga). Bunachar Logainmneacha na hÉireann (Logainm.ie). An Coimisiún Logainmneacha. Dáta rochtana: 2023-06-22.
| Is síol faoi thíreolaíocht na hÉireann é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
