Na Cócha Móra

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí LeabharNa Cócha Móra
Cineálsaothar liteartha Cuir in eagar ar Wikidata
Cárta innéacs
ÚdarMicheál ó Síochrú Cuir in eagar ar Wikidata
Foilseachán2022 Cuir in eagar ar Wikidata
Seánraúrscéal Cuir in eagar ar Wikidata

Úrscéal le Micheál ó Síochrú is ea Na Cócha Móra, a tháinig amach sa bhliain 2022.[1][2]

Plota[cuir in eagar | athraigh foinse]

Scéal coscrach Bharra Mhic Aodhagáin atá ann, gasúr a chaith seal i scoil tionsclaíochta agus a d’fhulaing gach ainide níos measa ná a chéile ó roinnt de na bráithre a bhí ag reáchtáil na scoile. Tá an bhéim ar an mbrúidiúlacht sa chéad leath den leabhar.[3]

St. Joseph's Industrial School, Trá Lí[4]

Sa dara leath den leabhar, leanann an léitheoir bóthar anróiteach Bharra i dtreo an chneasaithe agus an téarnaimh. Ach d’ainneoin na n-aingeal coimhdeachta a chasann air i mbun a oilithreachta chun lámh chúnta a thabhairt dó, ní féidir leis éalú ó thromluí na mblianta a chaith sé i ngéibheann.

Fiú agus Barra ina fhear gnó rachmasach agus caoifeach mánla pósta aige, ní féidir na taibhsí a dhíbirt, agus filleann siad air nuair is lú a bhfuil coinne aige leo chun é a chéasadh as an nua.[3]

Duaiseanna[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhronn Oireachtas na Gaeilge gradam Bhuaic-Shaothar Próis na Bliana ar Na Cócha Móra.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Micheál ó Síochrú (2022). "Na Cócha Móra | ar an suíomh 'Litríocht'" (ga-IE). Dáta rochtana: 2022-11-02.
  2. "Na Cócha Móra le Mícheál Ó Siochrú". www.coisceim.ie. Dáta rochtana: 2022-11-02.
  3. 3.0 3.1 "Na Cócha Móra – An Siopa Leabhar". www.siopaleabhar.com. Dáta rochtana: 2022-11-02.
  4. 4.0 4.1 "St Joseph's Industrial School, Tralee" (as en) (2022-06-23). Wikipedia. 
  5. Commission to Inquire into Child Abuse (CICA), Sean (Mr Justice) Ryan (2009-05). "Report - Commission to Inquire into Child Abuse, vol. 1" (as en).