NICAM
Appearance
Is córas digiteach craolta teilifíse a sholáthraíonn fuaim steiréafónach ardchaighdeáin freisin é NICAM (Béarla: Near Instantaneous Companded Audio Multiplex). Bhain an BBC feidhm as den chéad uair in 1986, agus faoi seo úsáidtear é i gcuid mhaith tíortha. Bíonn díchódóir sa teilifíseán chun na comharthaí teilifíse is fuaime a ghlacadh is a fheidhmiú.[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "NICAM". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 484.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |