Néstor Kirchner (Uachtarán ar an Airgintín)
Néstor Kirchner | |||||||||||||
---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|
![]() | |||||||||||||
Nollaig 10, 1987 - Nollaig 10, 1991 - Alfredo Martínez →
Nollaig 10, 1991 - Bealtaine 24, 2003 ← Héctor Marcelino García - Héctor Icazuriaga →
Bealtaine 25, 2003 - Nollaig 10, 2007 ← Eduardo Duhalde - Cristina Kirchner →
Nollaig 10, 2007 - Deireadh Fómhair 27, 2010 - Juliana Awada de Macri →
Nollaig 10, 2009 - Deireadh Fómhair 27, 2010
Bealtaine 4, 2010 - Deireadh Fómhair 27, 2010 ← luach ar iarraidh - María Emma Mejía Vélez → | |||||||||||||
Saol | |||||||||||||
Ainm iomlán | Néstor Carlos Kirchner Ostoić | ||||||||||||
Eolas breithe | Río Gallegos (en) ![]() | ||||||||||||
Náisiúntacht | An Airgintín | ||||||||||||
Teanga dhúchais | An Spáinnis | ||||||||||||
Bás | El Calafate (en) ![]() | ||||||||||||
Áit adhlactha | Mausoleum of Néstor Kirchner (en) ![]() | ||||||||||||
Cúis bháis | bás nádúrtha (stad cairdiach) | ||||||||||||
Muintir | |||||||||||||
Céile/Céilí | Cristina Kirchner (Bealtaine 9, 1975 - Deireadh Fómhair 27, 2010) | ||||||||||||
Páistí | liosta iomláin | ||||||||||||
Siblíní | liosta iomláin | ||||||||||||
Oideachas | |||||||||||||
Alma mater | La Salle Florida (en) ![]() National University of La Plata (en) ![]() (1969 - 1976) dochtúireacht faoi dlí-eolaíocht | ||||||||||||
Teangacha | An Spáinnis | ||||||||||||
Gairm | |||||||||||||
Gairm | dlíodóir agus polaiteoir | ||||||||||||
Áit oibre | Buenos Aires | ||||||||||||
Duaiseanna | |||||||||||||
Cleamhnú | |||||||||||||
Reiligiúin | An Chríostaíocht | ||||||||||||
Páirtithe polaitíochta | Front for Victory (en) ![]() Justicialist Party (en) ![]() | ||||||||||||
IMDb | nm1905646 | ||||||||||||
![]() |
Bhí Néstor Kirchner (25 Feabhra 1950 – 27 Deireadh Fómhair 2010) ina iar-Uachtarán ar an Airgintín agus ina dhlíodóir.
Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]
Agus é ina neach léinn dlí in Ollscoil Náisiúnta de La Plata, bhuail sé le Cristina Fernández agus phós sé í.
Polaitíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]
Tar éis dó a chéim a bhaint amach, chuir sé comhlacht dlí ar bun sa Phatagóin, a réigiún dúchais (chuaigh a bhean chéile isteach sa chomhlacht sa bhliain 1979.) Cé go raibh sé ag tacú Perón ón am a bhí é ina mhac léinn (agus go raibh sé ceangailte ar feadh tamaill le hantoiscigh den eite chlé sa ghluaiseacht) cuireadh fímíneacht ina leith ní ba dhéanaí, nuair a rinne sé ceann dá thosaíochtaí polaitiúla den fhreagracht as na coireanna a rinneadh faoin deachtóireacht mhíleata a bhí i gcumhacht san Airgintín ó 1976 go 1983, toisc nár tuairiscíodh go ndearna sé faic i gcoinne na deachtóireacht mar dhlíodóir agus toisc go raibh sé ag iarraidh an réimeas agus na peronistas a chur i gcomhghuaillíocht lena chéile.[1]
Nuair a tháinig an daonlathas ar ais, chuaigh Kirchner leis an bpolaitíocht, ar son na peronistas. Bhí sé ina mhéara ar Río Gallegos (1987-91) agus ina ghobharnóir ar Santa Cruz (1991-2003).

Uachtarán[cuir in eagar | athraigh foinse]
Bhí Kirchner ina Uachtarán ar an Airgintín ó 2002 go dtí 2007.
Le linn dó a bheith ina Uachtarán, chuir sé roinnt breithiúna as oifig, a ceapadh ag rialtais a bhí ann roimhe sin ar fhorais pholaitiúla amháin agus nach raibh meas an phobail orthu. Chuir sé atheagar ar an gcóras le haghaidh na breithiúna a cheapadh, i dtreo na trédhearcachta. Ina theannta sin, cheap sé roinnt breithiúna a bhí réasúnta liobrálach, an chéad bheirt bhan a ceapadh ar an gCúirt Ceartais Uachtarach san áireamh.[1]
Mar sin féin, dúirt lucht cáinte rialtas Kirchner nár thug sé aon aird riamh ar bhreithiúnais nár oir dó ó thaobh na polaitíochta de, in ainneoin an chuma seo ar athchóiriú.
Chomh maith leis sin, bhí Kirchner ag brú go gcuirfí an dlí a chur ar dhaoine a rinne coireanna thar ceann na deachtóireachta míleata; chuir an Chomhdháil dlíthe a chuir bac air sin ar neamhní agus dearbhaigh an Chúirt Ceartais Uachtarach go raibh siad in aghaidh an bhunreachta. Ag an am céanna, shéan sé go raibh na rudaí a rinne treallchogaithe in aghaidh an réimeis incurtha lena chuid coireanna féin.
Roghnaigh Kirchner gan seasamh i dtoghchán uachtaránachta 2007 ach bhí an-tionchar aige fós le linn na chéad trí bliana a raibh a bhean chéile ina huachtarán. Bhí sé ina Ard-Rúnaí ar Aontas Náisiún Mheiriceá Theas ó Bhealtaine 2010 go dtí go bhfuair sé bás.[1]
Bás[cuir in eagar | athraigh foinse]
Fuair Néstor Kirchner bás tobann de bharr taom croí ar 27 Deireadh Fómhair 2010.
Bhí Cristina Fernández ina hUachtarán ar an Airgintín, i gcomharbacht Nestor, idir 2007 agus 2015 agus tá sí ina Leas-Uachtarán ar an Airgintín ó Dheireadh Fómhair 2019. Meastar go forleathan gur gur chor cinniúnach é a bhás i seasamh polaitíochta a bhean chéile, i dtreo ní ba thiarnúla agus ní ba phobalaí.[1]
Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]
Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]
- ↑ 1.0 1.1 1.2 1.3 Scoil Dlí, COBÁC (2018). "Nestor Kirchner". Dáta rochtana: 2021.