Néipíadá
Is é Néipíadá (Béarla: Naypyidaw) príomhchathair Mhaenmar. Cathair phleanáilte atá ann agus í gan rófhada ar an bhfód: cuireadh tús le tógáil na cathrach sa bhliain 2002. Rialtas míleata rúnmhar a d'ordaigh agus a dhírigh a tógáil, faoi thionchar na hastralaíochta go pointe éigin, de réir chosúlachta. Fógraíodh príomhchathair na tíre úd a bheith san áit go hoifigiúil ar an 6 Samhain 2005, cé nár aistríodh oifigí an rialtais ná nár fógraíodh ainm na cathrach nua go dtí an bhliain ina dhiaidh sin. Tá súil le críochnú na buntógála faoi dheireadh na bliana 2012. Bhí 925,000 duine ina gcónaí ann cheana sa bhliain 2009, rud a fhágann gurb é Néipíadá an tríú cathair is mó i Maenmar, i ndiaidh Yangon (Rangún) agus Mandalay.
![]() | Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |