N'Djamena

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilN'Djamena
N’Djaména (fr)
انجمينا (ar) Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 12°07′N 15°03′E / 12.11°N 15.05°E / 12.11; 15.05
Stát ceannasachSead Cuir in eagar ar Wikidata
Príomhchathair de
Daonra
Iomlán1,092,066 (2012) Cuir in eagar ar Wikidata
• Dlús10,920.66 hab./km²
Tíreolaíocht
Cuid deSahelian Chad (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Achar dromchla100 km² Cuir in eagar ar Wikidata
Suite i nó in aice le limistéar uisceAbhainn Chari Cuir in eagar ar Wikidata
Airde298 m Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí stairiúla
Leanann sé/síFort Lamy (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Cruthú29 Bealtaine 1900
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama
Glaochód235 Cuir in eagar ar Wikidata
Cód ISO 3166-2TD-ND Cuir in eagar ar Wikidata

Is é N'Djamena príomhchathair Shead, i lár na hAfraice, agus is é an chathair is mó sa tír. Fort Lamy ainm na cathrach ón mbliain 1900 go dtí 1973. Tá N'Djamena suite in iarthar Shead ar bhruach an abhann Chari, trasna na habhann ó Kousséri i gCamarún. Nascann droichead an dá chathair. Sa bhliain 2012 bhí 1,092,066 duine ina gcónaí in N'Djamena, 1,605,696 i réigiún N'Djamena.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhunaigh na Francaigh dúnfort san áit ina bhfuil N'Djamena inniu ar 29 Bealtaine agus d'ainmnigh siad é Fort Lamy i ndiaidh oifigeach airm Francach a cailleadh i gcath i lár na hAfraice go gairid roimhe sin. Bhí Fort Lamy ina phríomhbhaile riaracháin ag na Francaigh agus lean sé ina phríomhchathair i ndiaidh neamhspleáchas Shead sa bhliain 1960. Athraíodh ainm na cathrach go N'Djamena sa bhliain 1973.

Sa bhliain 1960, bhí isteach is amach le 60,000 duine ina gcónaí sa chathair, fás 226.5% an méid sin ar an daonra sna 1940idí déanacha.