Méadranóm
Cuma
Cineál | uaireadóir |
---|---|
Sampla fuaime |
Feiste chun luas déanta ceoil a chinneadh is a léiriú. Johann Nepomuk Maelzel (1770-1838) a dhear is a fuair paitinn i 1815 ar an saghas atá i ngnáthúsáid. Feidhmíonn sé cosúil le clog luascadáin. Rialaítear minicíocht a luasctha, agus mar sin minicíocht an tic, le meáchan atá le feiceáil ag luascadh ar chos an luascadáin ar féidir é a bhogadh síos suas an chos sin chun an mhinicíocht a mhéadú nó a laghdú. Tá cineálacha leictreonacha le fáil anois freisin.[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Méadranóm". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 443.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |