Méadranóm

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Uirlis CheoilMéadranóm
Cineáluaireadóir

Sampla fuaime

Feiste chun luas déanta ceoil a chinneadh is a léiriú. Johann Nepomuk Maelzel (1770-1838) a dhear is a fuair paitinn i 1815 ar an saghas atá i ngnáthúsáid. Feidhmíonn sé cosúil le clog luascadáin. Rialaítear minicíocht a luasctha, agus mar sin minicíocht an tic, le meáchan atá le feiceáil ag luascadh ar chos an luascadáin ar féidir é a bhogadh síos suas an chos sin chun an mhinicíocht a mhéadú nó a laghdú. Tá cineálacha leictreonacha le fáil anois freisin.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Méadranóm". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 443.