Mr. Lordi
Mr. Lordi | |
---|---|
![]() | |
Saol | |
Ainm iomlán | Tomi Petteri Putaansuu |
Eolas breithe | Rovaniemi, Feabhra 15, 1974(47 bliain d’aois) |
Náisiúntacht | An Fhionlainn |
Oideachas | |
Teangacha |
An Béarla An Fhionlainnis |
Gairm | |
Gairm | amhránaí, file, amhránaí is scríbhneoir, cartúnaí agus ceoltóir |
Ballraíocht | Lordi |
Gluaiseacht ealaíne | rac-cheol crua |
Uirlis cheoil | ceol gutha |
Lipéad ceoil |
Sony BMG (en) ![]() |
IMDb | nm1073511 |
Rac-cheoltóir Fionlannach is ea Tomi Petteri Putaansuu, nó Mr. Lordi. Saolaíodh i Rovaniemi é ar an 15ú lá de Mhí Feabhra sa bhliain 1974. Tá sé i gceannas ar an mbanna ceoil Lordi, a bhunaigh sé sa bhliain 1996, agus is é an banna seo ba mhó a thabhaigh clú agus cáil dó, ó rug siad bua i gComórtas Amhrán na hEoraifíse sa bhliain 2006.
Is é bréagriocht an arrachtaigh an chuid is suntasaí d'íomhá phoiblí Lordi, agus Putaansuu ag déanamh a dhíchill le féachaint chuige nach bhfoilseofaí grianghrafanna de féin ná de bhaill an bhanna ach iad a bheith sa bhréagriocht. San am céanna, is eisean a réitíonn an chuid is mó de chaidreamh poiblí an bhanna. É féin a dhearann na púicíní agus an smideadh.
Bhí Tomi Putaansuu tugtha do Kiss agus do Gene Simmons ó bhí sé óg, agus é an-ghníomhach i gclub lucht adhartha Kiss san Fhionlainn.
I dtús Mhí Lúnasa 2006, phós sé Johanna Askola, a raibh lámh agus focal idir eisean agus ise le fada.
Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]
![]() |
Tá a thuilleadh meán ag Cómhaoin Wikimedia
a bhaineann leis an ábhar seo: Mr. Lordi |
![]() |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |