Morgan Llwyd

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Morgan Llwyd
Saol
Eolas breithe Maentwrog, 1619
Náisiúntacht Ríocht Shasana
Áit chónaithe Gwynedd
Bás Meitheamh 3, 1659
Oideachas
Teangacha An Bhreatnais
Gairm
Gairm file
Saothar iomráiteach The Book of the Three Birds (en) Aistrigh
Daoine le tionchar air/uirthi Walter Cradock
Is é Llyfr y Tri Aderyn an saothar is cáiliúla ag Morgan Llwyd

Bard, scríbhneoir próis agus seanmóirí Piúratánach ab ea Morgan Llwyd (1619 - 3 Meitheamh 1659).

Beathaisnéis[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh Morgan i Cynfal-fawr (míle ó dheas ó Ffestiniog) i bparóiste Maentwrogi seanchontae Sir Feirionnydd (ó dheas de Gwynedd anois). Saighdiúir gairmiúil ba ea a sheanathair, Huw Llwyd, agus bhí sé suntasach mar fhile Breatnaise, agus bhí cáil air freisin mar réalteolaí agus mar dhraíodóir. Cuireadh oideachas ar Morgan Llwyd i Wrecsam, áit a raibh múscailt reiligiúnach aige faoin seanmóirí Piúratánach Walter Cradock, a lean sé go Llanfaches chun a bheith mar chuid d’eaglais Phiúratánach. Le linn Chogadh Cathartha Shasana, d’fhóin sé mar shéiplíneach in arm Chromail , agus sa bhliain 1644 d’fhill sé ar an mBreatain Bheag, ar dtús mar sheanmóirí, agus i 1650 mar Ceadaitheoir faoin Acht um Fhorleathadh an tSoiscéil sa Bhreatain Bheag. Sa bhliain 1656 shocraigh sé síos mar mhinistir i Wrecsam, áit a bhfuair sé bás i 1659, agus tá sé curtha i Reilig na nEasaontóirí i Rhos-ddu. Creidtear gurb é Morgan Llwyd an chéad aire Neamhaontach i Wrecsam. Ainmnítear Ysgol Morgan Llwyd, ardscoil na Breatnaise i Wrecsam, ina dhiaidh.