Moirtéar is tuairgnín

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Uirlis atá ar eolas is in úsáid leis na cianta chun ábhair ghráinneacha a mheilt ina bpúdar. Is babhla é an moirtéar, déanta as ábhar crua. Is píosa cónach den ábhar céanna (nó ábhar crua eile) le ceann cruinn an tuairgnín, agus meiltear an t-ábhar gráinneach leis seo i gcoinne an bhabhla. Bíonn foirmeacha simplí in úsáid sa chistin is siopaí poitigéara. Úsáidtear foirmeacha cumhachtacha meicnithe sa tionsclaíocht.