Jump to content

Miùghalaigh

(Athsheolta ó Miughalaigh)
WD Bosca Tíreolaíocht FhisiceachMiùghalaigh
Íomhá
CineálOileán Cuir in eagar ar Wikidata
Cuid deInse Ghall
Eileanan Bharraigh Cuir in eagar ar Wikidata
Suite laistigh de/ar ghné fhisiciúilMuir Inse Ghall Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh
Limistéar riaracháinInse Ghall, Scotland agus Barraigh, Scotland Cuir in eagar ar Wikidata
Cuir in eagar ar Wikidata Map
 56° 48′ 41″ N, 7° 38′ 15″ O / 56.8115°N,7.6375°W / 56.8115; -7.6375
Suite i nó in aice le limistéar uiscean tAigéan Atlantach Cuir in eagar ar Wikidata
Tréithe
Toisí2.6 (leithead) × 4.4 (fad) km
Achar640 ha Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
OibreoirUrras Nàiseanta na h-Alba Cuir in eagar ar Wikidata
ÚinéirUrras Nàiseanta na h-Alba Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh gréasáinnts.org.uk… Cuir in eagar ar Wikidata

Is é Miùghalaigh[1][2], freisin Miughalaigh[3]Miùghlaigh[4], an dara hoileán is mó ar Eilean Bharraigh, Comhairle nan Eilean Siar. Tá sé suite timpeall 19 km ó dheas de Bharraigh. Is ainm Lochlannach é Miùghalaigh, a chiallaíonn, is dóch;"main hill island" no "narrow hill island".[5]

Cruth na tíre

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá sé comh mór le 640 heicteár (2.5 míle cearnach). Cruthaíodh an t-oileán ó naghas le roinnt eibhiragus ansiúd. Ar an taobh thoir den oileán, thart ar bhá Mhiughalaigh is féidir cré bholláin a fheiceáil freisin. Tá an chuid is mó den oileán clúdaithe i móin, nó ithir thanaí aigéadach le carraigeacha nochta. Is é an Càrnan (273 m) an sliabh is airde ar an oileán, atá suite in iarthar an oileáin.[6] Ag 219 m ar airde, is é an Hèacla an darna sliabh is mó i Miùghalaigh, atá suite ag ceann theas an oileáin. Ó thuaidh de Mhiùghalaigh atá an Cnoc Mhic-a-Phì (224 m), an tríú sliabh is airde, agus an Tom a' Reithean ann.[7]

Tá clú agus cáil ar Mhiùghalaigh mar gheall ar na héin a chónaíonn anseo.[8] Is minic a neadaíonn an fhoracha (Laidin: uria aalge) agus crosán (Laidin: alca torda) in aillte arda san Ghuarsaigh Mòr

Tá cáil ar Mhiùghalaigh mar gheall ar oidhreacht mhuintir na háite—neart amhrán, scéalta agus béaloidis.[9] Is féidir go leor samplaí a chloisteáil i dtaifeadtaí Thobair an Dualchais (Sgoil Eòlais na h-Alba).[10] Ba as Miùghalaigh máthair Nan Eachainn Fhionnlaigh ó Bhatarsaigh.

Beatha na nDaoine

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí daoine ina gcónaí i Miùghalaighl go dtí gur fhág gur fhág an dream deireanach é idir 1907 agus 1912. Tá ceangal láidre idir muintir na háite agus na Raiders Bhatarsaigh. Bhí tionchar as cuimse ag an móin agus an cladach ar an mbealach a mhaireann daoine a saol. Bhí na daoine Gaelach. Trí iascaireacht agus eile bhí ceangail acu le hÉirinn. Is reiligiún Caitliceach é.

Bhí daoine ina gcónaí ar Mingulay go dtí gur fhág an dream deireanach é idir 1907 agus 1912. Tá naisc láidre idir muintir an áite agus Raiders Bhatarsaigh. Bhí tionchar mór ag an bhfarraige agus ag an gcósta ar shlí bheatha mhuintir Mingulay. Ba í an Gàidhlig a bhí ag na daoine. Trí iascach agus trí ghníomhaíochtaí eile bhí ceangail acu le hÉirinn. Ba é an creideamh Caitliceach a bhí acu.

An baile sa bhliain 1888

Tá trá lán gainimh taobh thoir de Mhiùghalaigh atá de shíor ag bogadh níos faide isteach sa tír. Ba ghnách baile Miùghalaigh a bheith anseo, ach sa bhliain 1912 d'fhág na daoine an t-oileán. Feictear fós fothracha na dtithe, teach an tsagairt, an eaglais, an scoil agus na cnoic is an reilig. Tógadh scoil nua sa bhliain 1881. Sa bhliain 1884, bhí 32 dalta cláraithe sa scoil, ach sa bhliain 1910, ní raibh ann ach naonúr agus dúnadh an scoil in Aibreán 1910. Tógadh teach an tsagairt le séipéal beag sa bhliain 1898.

Ón mbliain 2000 i leith, tá an t-oileán faoi úinéireacht an National Trust for Scotland.

Ainmhithe agus Plandaí

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Le déanaí, tá líon beag muc ghuine le feiceáil ar an oileán ach is annamh a fheictear iad. Deirtear gur rónta iad, le heireaball fada, b'fhéidir, a oireann dá dtimpeallacht nua.

  1. Ainmean-Àite na h-Alba (AÀA) — Gaelic Place-names of Scotland (en). Ainmean-Àite na h-Alba. Dáta rochtana: 2024-04-17.
  2. Am Faclair Beag
  3. Stòr-dàta SMO
  4. Mapa Mhiùghlaigh
  5. I. Mac an Tailleir 2003, Ainmean-àite td. 87
  6. Ordnance Survey 1:50,000 Landranger: Second Series (1994) Sheet 31.
  7. Haswell-Smith, Hamish (2008): The Scottish Islands. Dùn Èideann, Canongate, td 209-213; ISBN 9781847672773
  8. Urras Nàiseanta na h-Alba: Eòin-mara (Beurla)
  9. Storey, Lisa (2008) d. 7.
  10. Storey, Lisa (2008) d. 108.