Mitsuyo Kakuta

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaMitsuyo Kakuta
Ainm sa teanga dhúchais(ja) 角田光代
Beathaisnéis
Breith8 Márta 1967
57 bliana d'aois
Yokohama, An tSeapáin Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Waseda Cuir in eagar ar Wikidata
Teanga dhúchaisan tSeapáinis
Gníomhaíocht
Gairmúrscéalaí, aistritheoir, scríbhneoir, iriseoir Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn tSeapáinis
Teaghlach
CéileTakami Itō Cuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas

IMDB: nm1928599 Twitter: kakutamitsuyo Cuir in eagar ar Wikidata

Údar torthúil Seapánach is ea Mitsuyo Kakuta (角田 光代, Kakuta Mitsuyo. Rugadh í in Yokohama ar 8 Márta 1967.[1] Faoi láthair tá sí ag cur Seapáinis nua-aoiseach ar Scéal Genji, scéal clasaiceach de chuid litríocht na Seapáine. Tá sí pósta leis an scríbhneoir Takami Itō.[2]

Saothair[cuir in eagar | athraigh foinse]

D’fhoilsigh sí a céad leabhar, Kōfuku na yūgi (Súgradh sona), agus í ina mac léinn i nDámh na Litríochta in Ollscoil Waseda[3] agus bhain sí Duais Kaien do Scríbhneoirí Nua sa bhliain 1990.

Moladh an dá úrscéal a d’fhoilsigh sí sa bhliain 2002, Ekonomikaru paresu (Pálás barainneach) agus Kūchū teien (Gairdín crochta), agus bhain sí Duais Liteartha Noma agus Duais Noaki sa bhliain 2004. Tá os cionn ochtó leabhar scríofa aici.[4]

Bhuaigh sí Duais Liteartha Chūō Kōron 2007 le húrscéal a aistríodh go Béarla mar The Eighth Day agus a rinneadh dráma teilifíse agus scannán de. Bhuaigh sí duaiseanna freisin leis an dá leabhar a d’fhoilsigh sí sa bhliain 2012, an t-úrscéal Kami no tsuki agus an cnuasach gearrscéalta Kanata no ko.[5][6]

Nótaí[cuir in eagar | athraigh foinse]