Mit brennender Sorge

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is é is ciall leis na focail Ghearmáinise Mit brennender Sorge ná "le buaireamh dóite". Leis na focail seo a thosaigh an tréadlitir a d'eisigh an Pápa Pius XI ar an 10 lá de Mhárta 1937 (cé gurbh é an dáta oifigiúil a bhí le léamh ar an tréadlitir féin ná Domhnach na Páise, an 14 Márta). Tréadlitir a bhí ann a lochtaigh na Naitsithe, agus í dírithe ar easpaig Chaitliceacha na Gearmáine, agus léigh sagairt pharóiste na Gearmáine go léir os ard sna tithe pobail. Dúirt an Pápa Pius XI féin gurbh é Eugenio Pacelli (ní ba deireanaí, an Pápa Pius XII) a dhréachtaigh agus a chum an tréadlitir. Níor tugadh aon réamhfhógra faoin tréadlitir, agus scaipeadh ar chúla téarmaí ar fud na Gearmáine í, le féachaint chuige nach gcuirfeadh na Naitsithe bac léi.

Scríobhadh an tréadlitir as Gearmáinis, seachas as Laidin, rud as an ngnáth i saol na hEaglaise. Bhí tábhacht phraiticiúil, chomh maith le tábhacht shiombaileach, le rogha seo na teanga.

As an Tréadlitir[cuir in eagar | athraigh foinse]

Aon duine a mhórann cine ar leith, pobal ar leith, Stát ar leith, nó cineál ar leith Stáit, nó foinsí na cumhachta polaitiúla, nó aon rud eile a bhfuil luach ann don phobal dhaonna - cibé cé chomh tábhachtach nó onórach agus atá sé ó thaobh an tsaoil shaolta de - aon duine a mhórann rudaí den chineál seo thar an gceart agus a ardaíonn ar leibhéal an íoladhartha iad, aon duine a chuireann as a chuma agus as a chosúlacht ordú an domhain mar a dhear is mar a chruthaigh Dia é - scinneann an duine sin i bhfad ón bhfíor-chreideamh i nDia agus ó choincheap na beatha de réir an chreidimh sin.

Thug an Dia seo, an Máistir Ardcheannasach seo, thug Sé aitheanta is orduithe Uaidh nach bhfuil a bhfiúntas ag brath ar an am ná ar an áit, nach bhfuil beann acu ar an tír ná ar an gcine. Mar a chaitheann grian Dé a solas ar aghaidh gach duine, is ionann A dhlí do gach duine gan díolúine gan phribhléid. Na ríthe is na géillsinigh, an lucht faoi choróin agus na daoine gan choróin, an saibhir agus an bocht, caithfidh siad go léir A bhriathar a urramú. Mar is dual don Té a chruthaigh, is dual Dó go dtugann idir dhaoine aonair agus phobail de dhaoine cluas éisteachta Dó, cibé cé hiad féin.

Ní rithfeadh ach le duine an-éadomhain coincheap an Dé náisiúnta agus an reiligiúin náisiúnta a chumadh, nó is é Dia Cruthaitheoir na hOllchruinne, Rí agus Reachtaire na náisiún go léir, agus níl sna náisiúin uile ach "deoir sa bhuicéad" i gcomparáid lenA ollmhórgacht.