Mionn Hipeacraitéis

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Mionn is ea Mionn Hipeacraitéis a ghlacadh agus a ghlacann dochtúirí suas go dtí an lá atá inniu ann ina mhionnaíonn siad cleachtadh go heiticiúil. Bíonn ar dhochtúirí an mionn a ghlacadh i roinnt tíortha. Níl ar dhochtúirí an mionn a ghlacadh in Éirinn.

Bunleagan an Mhionna[athraigh | athraigh vicithéacs]

Giota den mhionn ó Phaipír Oxyrhynchus 2547.

Is é seo a leanas bunleagan Mhionn Hipeacraitéis, sa Ghréigis agus ansin sa Ghaeilge:

ὄμνυμι Ἀπόλλωνα ἰητρὸν καὶ Ἀσκληπιὸν καὶ Ὑγείαν καὶ Πανάκειαν καὶ θεοὺς πάντας τε καὶπάσας, ἵστορας ποιεύμενος, ἐπιτελέα ποιήσειν κατὰ δύναμιν καὶ κρίσιν ἐμὴν ὅρκον τόνδε καὶσυγγραφὴν τήνδε:

ἡγήσεσθαι μὲν τὸν διδάξαντά με τὴν τέχνην ταύτην ἴσα γενέτῃσιν ἐμοῖς,καὶ βίου κοινώσεσθαι, καὶ χρεῶν χρηΐζοντι μετάδοσιν ποιήσεσθαι, καὶ γένος τὸ ἐξ αὐτοῦἀδελφοῖς ἴσον ἐπικρινεῖν ἄρρεσι, καὶ διδάξειν τὴν τέχνην ταύτην, ἢν χρηΐζωσι μανθάνειν,ἄνευ μισθοῦ καὶ συγγραφῆς, παραγγελίης τε καὶ ἀκροήσιος καὶ τῆς λοίπης ἁπάσης μαθήσιοςμετάδοσιν ποιήσεσθαι υἱοῖς τε ἐμοῖς καὶ τοῖς τοῦ ἐμὲ διδάξαντος, καὶ μαθητῇσισυγγεγραμμένοις τε καὶ ὡρκισμένοις νόμῳ ἰητρικῷ, ἄλλῳ δὲ οὐδενί.

διαιτήμασί τε χρήσομαιἐπ᾽ ὠφελείῃ καμνόντων κατὰ δύναμιν καὶ κρίσιν ἐμήν, ἐπὶ δηλήσει δὲ καὶ ἀδικίῃ εἴρξειν.

οὐδώσω δὲ οὐδὲ φάρμακον οὐδενὶ αἰτηθεὶς θανάσιμον, οὐδὲ ὑφηγήσομαι συμβουλίην τοιήνδε: ὁμοίως δὲ οὐδὲ γυναικὶ πεσσὸν φθόριον δώσω.

ἁγνῶς δὲ καὶ ὁσίως διατηρήσω βίοντὸν ἐμὸν καὶ τέχνην τὴν ἐμήν.

οὐ τεμέω δὲ οὐδὲ μὴν λιθιῶντας, ἐκχωρήσω δὲ ἐργάτῃσιν ἀνδράσι πρήξιος τῆσδε.

ἐς οἰκίας δὲ ὁκόσας ἂν ἐσίω, ἐσελεύσομαι ἐπ᾽ ὠφελείῃκαμνόντων, ἐκτὸς ἐὼν πάσης ἀδικίης ἑκουσίης καὶ φθορίης, τῆς τε ἄλλης καὶ ἀφροδισίωνἔργων ἐπί τε γυναικείων σωμάτων καὶ ἀνδρῴων, ἐλευθέρων τε καὶ δούλων.

ἃ δ᾽ ἂν ἐνθεραπείῃ ἢ ἴδω ἢ ἀκούσω, ἢ καὶ ἄνευ θεραπείης κατὰ βίον ἀνθρώπων, ἃ μὴ χρή ποτεἐκλαλεῖσθαι ἔξω, σιγήσομαι, ἄρρητα ἡγεύμενος εἶναι τὰ τοιαῦτα.

ὅρκον μὲν οὖν μοι τόνδεἐπιτελέα ποιέοντι, καὶ μὴ συγχέοντι, εἴη ἐπαύρασθαι καὶ βίου καὶ τέχνης δοξαζομένῳ παρὰπᾶσιν ἀνθρώποις ἐς τὸν αἰεὶ χρόνον: παραβαίνοντι δὲ καὶ ἐπιορκέοντι, τἀναντία τούτων.[1]

Mionnaím ar Apalló an Lia, ar Aescaláipias, ar Hygieia, ar Panacea agus ar na déithe agus bandéithe ar fad, agus iad mar fhinnéithe dom, go gcuirfidh mé an mionn seo agus an dintiúr seo i gcrích de réir mo chumais agus mo bhreithiúnais:

Beidh an t-ardmheas céanna agam ar an té a mhúin an cheird seo dom, mar atá agam ar mo shinsir; beidh sé ina pháirtí agam san ealaín bheatha seo; roinnfidh mé mo chuid airgid leis in am an éigin; mar bhráithre a fheicfidh mé a mhuintir, agus múinfidh mé an cheird seo dóibh más áil leo; roinnfidh mé eolas, béaloideachas agus teagasc eile le mo chlann, le clann mo mhúinteora, agus le daltaí dintiúir atá tar éis mionn an lia a thabhairt, ach ní roinnfidh mé iad le haon duine eile.

Cuirfidh mé cóir leighis ar na heasláin de réir mo chumais agus mo bhreithiúnais, ach ní chuirfidh mé riamh é chun gortú nó olc a bhaint amach. Ní thabharfaidh mé nimh do dhuine nuair a iarrfar orm é sin a dhéanamh ná ní mholfaidh mé a leithéid de chúrsa. Ní thabharfaidh mé, mar an gcéanna, peasaire do bhean chun a gin a mhilleadh. Ach coimeádfaidh mé idir mo shaol agus mo cheird go geanasach agus go naofa. Ní húsáidfidh mé an scian, fiú amháin go deimhin féin ar daoine a bhfuil púróga ag cur orthu, ach géillfidh mé do mháistrí na ceirde sin.

Cibé teach a rachfaidh mé isteach, rachfaidh mé chun cúnamh a thabhairt do na heasláin, agus fanfaidh mé glan ar gach olc agus gach dochar atá beartaithe, go háirithe ar drochbhail a chur ar colainneacha, idir fir agus mhná, idir daoine faoi bhanna agus shaoirsigh. Agus cibé rud a feicfidh mé nó a éistfidh mé i mbun mo ghairme, mar aon le taobh amuigh de mo ghairm fhéin i gcaidreamh le daoine eile, más rud é nach bhfuil sé ceart a spreagadh i bhfad is i gcéin, ní sceithfidh mé riamh é, agus ní nochtfaidh mé an rún beannaithe sin.

Má sheasfaidh mé leis an mionn seo anois agus muna rachfaidh mé siar ar mo ghealltanas, go mbaine mé dea-cháil amach go brách agus go deo i measc cách mar gheall ar mo shaolsa agus mo cheirdse; ach má sháróidh mé é agus má tá mionn éithigh tugtha agam, go dtarlaí a mhalairt i mo chás.

Tagairtí[athraigh | athraigh vicithéacs]

  1. Hipeacraitéis, "The Oath" (An Mionn), Loeb Classical Library, 1923, imleabhar 147, lgh 298–299, DOI 10.4159/DLCL.hippocrates_cos-oath.1923, http://www.loebclassics.com/view/hippocrates_cos-oath/1923/pb_LCL147.299.xml