Micrifís

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Leathán scannáin le heagar íomhánna micreascannán. Bíonn an leathán 76 × 127 mm suas go dtí 152 × 229 mm, le 30-100 íomhá air. Déantar na buncháipéisí a chóipeáil, forlaghdaithe faoi 24, ar scannán neamhphollta 16 mm. Gearrtar é seo i sraitheanna de 10 n-íomhá, agus déantar 6 shraith díobh seo a dhearbhchló ar leathán dé-asascannáin le húsáid i meaisíní cuí feiceála.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Micrifís". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 455.