Micreamháinliacht

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Micreamáinliacht)
Teimpléad:WD Bosca Sonraí GalarMicreamháinliacht
cuir in eagar
Cineálmáinliacht Cuir in eagar ar Wikidata
Acmhainní seachtracha
MeSHD008866 Cuir in eagar ar Wikidata
UMLS CUIC0026035 Cuir in eagar ar Wikidata

Is máinliacht nua-aoiseach a dhéantar faoi mhicreascóp í micreamháinliacht.[1] Eiseamláirí drámata den teicníocht seo is ea athcheangal méire, fiú sciatháin iomláin, a ghearrtar ón gcolainn trí thaisme. Déantar obráidí ar an inchinn ina ndeisítear artairí beaga is a nglantar amach artairí atá ar tí calcadh le plaic scléaróise chun bac a chur le stróc. Maille leis an micreascóp is scil an mháinlia, tá na forbairtí seo bunaithe ar sholáthar mionionstraimí máinliachta, oiriúnaithe don ghnó seo, le blianta beaga anuas.[2]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Pádraig Ó Mianáin, eag.: “microsurgery — Aistriúchán Gaeilge ar microsurgery (An Foclóir Nua Béarla-Gaeilge)” (ga). An Gúm (2020). Dáta rochtana: 2024-04-23.
  2. Hussey, Matt (2011). "Micreamáinliacht (sic)". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 454.