Mickey Walker

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Mickey Walker

Dornálaí Gael-Mheiriceánach, a bhí ina [[churadh domhanda marcmheáchain agus meánmheáchain, ab ea Mickey Walker (13 Iúil 1903 (1901 de réir cuid foinsí) – 28 Aibreán 1981). Bhí aithne air mar Toy Bulldog. In Elizabeth, New Jersey, a rugadh Walker, agus in Freehold, sa stát céanna, a fuair sé bás. Rinne sé dornálaíocht ar bhunús gairmiúil ó 1919 go 1935. I ndiaidh éirí as cró na dornálaíochta dó, d'fhoscail sé bialann agus chuaigh sé leis an bpéintéireacht freisin. D'éirigh leis sa dá iarracht. Sa bhliain 1990, bhí sé ar an gcéad ghrúpa dá glacadh isteach insan International Boxing Hall of Fame.