Mickey Brady
Ba pholaiteoir de chuid Shinn Féin i dTuaisceart Éireann é Michael Brady (7 Deireadh Fómhair 1950 - 16 Eanáir, 2026[1]). Ba Chomhalta den Tionól Reachtach é d'Iúr Cinn Trá agus Ard Mhacha, ó 2007 go 2015.[2] agus b'eisean an Teachta Parlaiminte d'Iúr Cinn Trá agus Ard Mhacha ó 2015 go 2024.
Saol roimh pholaitíocht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Rugadh agus tógadh in Iúr Cinn Trá é agus chuaigh sé ar Bhunscoil na Mainistreach agus Scoil na Mainistreach. I ndiaidh sin, rinne sé staidéar ar ollscoil i Learpholl. D'oibríodh sé i ngrúpa pobail agus ritheadh sé in ionad comhairle do shochair ó 1981 go 2007.
Gairm pholaitíochta
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ba ball Shinn Féin é agus toghadh ar Thionól Thuaisceart Éireann é in 2007 d'Iúr Cinn Trá agus Ard Mhacha agus toghadh é arís in 2011.
I mí na Bealtaine 2015, toghadh Brady den chéad uair ina theachta parlaiminte d'Iúr Cinn Trá agus Ard Mhacha agus atoghadh é sna Olltoghcháin i 2017 agus 2019. I mí Feabhra 2024, d'fhógair sé gur éirigh sé as an suíochán ag an toghcháin seo chugainn.
Saol pearsanta
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí sé pósta le Caroline agus bhí ceathrar páistí aige.
Bás
[cuir in eagar | athraigh foinse]Fuair Brady bás ar 16 Eanáir 2026. Mhol Mary Lou McDonald, Michelle O'Neill agus eile as. Sa Tionól, bhí dhá nóiméad ciúnais ann ina chuimhne agus rinne an Ceann Comhairle, Edwin Poots, agus baill as rionnt páirtithe, náisiúnach agus aontachtach, comhbhrón lena theaghlach [3]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Iúr Cinn Trá agus Ard Mhacha (Toghcheantar na Ríochta Aontaithe)
- Polaiteoirí in Iúr Cinn Trá agus Ard Mhacha (toghcheantar na Ríochta Aontaithe)
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "Mickey Brady: Tributes paid after death of former Sinn Féin MP" (en-GB). BBC News (2026-01-17). Dáta rochtana: 2026-01-17.
- ↑ "The Northern Ireland Assembly" (en-GB). www.niassembly.gov.uk. Dáta rochtana: 2026-01-17.
- ↑ NI Assembly (19-01-2026). "Official Report: Monday 19 January 2026" (en-GB). www.niassembly.gov.uk.