Mick Doyle (rugbaí)
Beathaisnéis | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|
Breith | 13 Deireadh Fómhair 1941 Oileán Ciarraí, Éire | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Bás | 11 Bealtaine 2004 62 bliana d'aois Contae Thír Eoghain, Northern Ireland | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Siocair bháis | Imbhualadh tráchta | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Faisnéis phearsanta | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Ollscoil Dhún Éideann An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath Coláiste an Droichid Nua | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Gníomhaíocht | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Gairm | imreoir rugbaí, tréidlia | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Spórt | rugbaí | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Ionad ar an bhfoireann / speisialtacht | Cúltosaí | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
Tréidlia, imreoir rugbaí agus cóitseálaí as Ciarraí ba ea Mick Doyle nó 'Doyler' (13 Deireadh Fómhair 1941 – 11 Bealtaine 2004), agus duine de charactairí mhóra an rugbaí a d’imir d’Éirinn agus do na Leoin.[1]
Saol
[cuir in eagar | athraigh foinse]Rugadh agus a tógadh Mick Doyle in aice le hOileán Ciarraí.
D’imir sé rugbaí d’Éirinn agus do na Leoin sna 1960idí. Bhí sé ag obair mar chóitseálaí sna 1980idí (Laighean, Éire agus na Lions). I 1987 a bhí ag teannadh le deireadh a thréimhse trí bliana mar chóitseálaí d’Éirinn.
Deir sé freisin gur thaistil sé 5,000 míle ina ghluaisteán na cúpla seachtain sular thug Éirinn aghaidh ar Chraobh an Domhain 1987. Ach bhuail taom croí é, rud a mhíneodh go mba faoi chúram dochtúra in ospidéal in Auckland a chaith sé na cúpla lá sular bhuaigh Éire ar Cheanada sa gcéad chluiche.
Pingin féin níor shaothraigh Doyle ariamh as a chuid imeartha ná a chuid cóitseála. A mhalairt ar fad. Sa leabhar a insíonn scéal a shaoil, measann Mick go raibh a ghnó £750,0000 síos leis de bharr an ama a chaith sé ina mbun.[1]
Maraíodh Doyle i dtimpiste ghluaisteáin ar 11 Bealtaine 2004.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ 1.0 1.1 Mártan Ó Ciardha (3 Meán Fómhair 2023). "Nuair a iompaíodh bunoscionn stair an rugbaí" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-09-19.