Metridium senile

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoMetridium senile Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
For-ríochtEukaryota
RíochtAnimalia
FíleamCnidaria
AicmeAnthozoa
OrdActiniaria
FineMetridiidae
GéineasMetridium
SpeiceasMetridium senile Cuir in eagar ar Wikidata
Linnaeus, 1761

Is speiceas bundún leice san fhine Metridiidae é Metridium senilean bláth mara.[1] Faightear é sna farraigí amach ó chósta iarthuaisceart na hEorpa agus ar chóstaí Mheiriceá Thuaidh thoir agus thiar araon.

Bíonn an bonn i bhfad níos leithne ná an colún, ceangailte le carraig nó le foshraith eile de ghnáth. An colún fada, mín, agus cruinn, mar a bheadh feoil le mothú ann, agus dromchla ramallach, bealaithe ag múcas. Ní bhíonn aon fhadharcán ná súiteoirí air. Saghas uchtbhalla agus clais dhomhain ar bharr an cholúin. Go leor braiteog sna hainmhithe níos mó, plódaithe agus gearr i ngar don imeall, ach níos faide agus níos scaipthe isteach sa diosca béil.

Tá raon dathanna ann: bán, bánbhuí, bándearg, oráiste, dearg, liath, donn agus glasbhuí. Bíonn na braiteoga tréshoilseach, ach d'fhéadfadh banda bán a bheith orthu. Feictear colún níos dorcha agus diosca i bhfad níos báine i samplaí áirithe.[2][3]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. “Metridium senile” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-06-28.
  2. Goose, P., H. (1860). A history of the British sea-anemones and corals. London, Van Voorst. page 12-24.
  3. Metridium senile Curtha i gcartlann 2021-12-06 ar an Wayback Machine Marine Species Identification Portal. Retrieved 2011-09-05.