Meitreo Santo Domingo

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Foirgneamh
WD Bosca Sonraí Foirgneamh
Meitreo Santo Domingo

Íomhá
Sonraí
CineálMeariompar
Cuid deCóras Iompair Santo Domingo
Foirgníocht2009 Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta na hoscailte oifigiúla30 Eanáir 2009 Cuir in eagar ar Wikidata
Croineolaíocht
Q18416844 Aistrigh
Tréith
Staid úsáidein úsáid
Suíomh geografach
Limistéar riaracháinSanto Domingo, An Phoblacht Dhoiminiceach
Le cuidLine 1 (Santo Domingo Metro) (en) Aistrigh
Line 2 (Santo Domingo Metro) (en) Aistrigh
Gníomhaíocht
Cuairteoirí76,500,000 (2017)
101,400,000 (2019)
Suíomh gréasáin oifigiúilopret.gob.do

Is córas luathiompair poiblí é Meitreo Santo Domingo sa Phoblacht Dhoiminiceach. Osclaíodh an chéad líne go luath sa bhliain 2009 agus tá sé i gceist 5 líne eile a chur leis chun córas cuimsitheach iompar poiblí a sholáthar don chathair seo ina bhfuil timpeall trí mhilliún duine.

Tá an tionscadal seo ar cheann de na tionscadail is mó de chuid an uachtaráin Lionel Fernandez, polaiteoir atá an-tugtha do phoiblíocht agus do scéimeanna móra poiblí. Cuireadh ina leith go raibh airgead na tíre á chur amú aige ar scéimeanna costasacha nuair atá gá níos mó le hinfheistíocht sa chóras oideachais, leictreachais agus sláinte.

Is Alstom a chuir na traenacha ar fáil agus tógadh iad ina chuid monarchana sa Bheilg, sa Fhrainc agus sa Spáinn ar chostas 92.5 milliún Euro. Is féidir le gach traein timpeall 600 paisinéir a iompar agus táthar ag súil go mbainfidh 200,000 duine úsáid as an chéad líne, ach ní léir go fóill go bhfuil an t-éileamh sin ann.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]