Meicniú

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Úsáid meaisíní go hiomlán nó i méid áirithe in ionad an oibrí dhaonna. Ní hionann is uathoibriú nach mbíonn tagairt ar bith aige don oibrí, i meicniú bíonn gá le hionchur daoine, ar a laghad chun sonraí a sholáthar nó treoracha a chur isteach. Sa mheicniú luath tháinig oibreoir an mheaisín in ionad an cheardaí (in ionad na gceardaithe, níos minice) agus bhíodh luamháin, ulóga is uirlisí eile á n-oibriú. Is sampla an-suntasach nua-aoiseach de mheicniú is uathoibriú iad ríomhairí an lae inniu.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Meicniú". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 448.