Meadúsa

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Pas i dtimthriall beatha céalacaint ina mbíonn sé ag snámh go saor. De ghnáth bíonn an cholainn dioscóideach nó clogchruthach, gathach siméadrach, le hadharcáin imeallacha agus béal i lár an taobh íochtair. Bíonn na horgáin atáirgthe ann, agus is é seo an pas gnéasach sa timthriall beatha.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Meadúsa". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 443.