Tornapa
Cuma
(Athsheolta ó Meacan ráibe)
Is glasra crua gairdín bliantúil nó débhliantúil a fhásann 1 m ar airde é an Tornapa (meacan ráibe uaireanta). Tá sé gealghlas le duilleoga an-liopacha, na bláthanna buí croischruthach, gaolmhar le cabáiste, ach le tiúbair inite. Is iad na príomhchineálacha Brassica rapa, le tiúbair bhána, agus rutabaga nó svaeid (Brassica napus) le tiúbair bhuí. Sa tornapa saothraithe tá bunfhréamh thiúbrach inite, agus fástar go forleathan é mar ghlasra is foráiste ainmhithe. Sa tornapa fiáin ní bhíonn bunfhréamh ata.[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Tornapa". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 672.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |