Maura Higgins

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaMaura Higgins
Beathaisnéis
Breith25 Samhain 1990
33 bliana d'aois
Contae an Longfoirt, Éire Cuir in eagar ar Wikidata

IMDB: nm10834230 Cuir in eagar ar Wikidata

Is mainicín, tionchaire, agus réalta teilifíse réaltachta í Maura Higgins. Bhain sí cáil amach mar iomaitheoir sa chlár teilifíse réaltachta darb ainm Love Island in 2019 agus is fearr aithne uirthi as a bheith ina bean mhuiníneach, fhíorghreannmhar agus cheanúil, atá an-mhórtasach as a dúchas Éireannach. Tá blas láidir Éireannach ar a cuid cainte agus tharraing a canúint aird na ndaoine le linn a cuid ama sa villa, d’insíodh sí d’aon duine a bhí sásta éisteacht gur as Contae an Longfoirt di. Rugadh í i Longfort ar an 25 Samhna 1990 agus tógadh í i bhForgnaí. Is é Sagittarius a réaltchomhartha agus rugadh í i mbliain an chapaill. D’fhreastail Maura ar Ghairmscoil Bhaile Uí Mhatháin agus chinn sí staidéar a dhéanamh ar an ngruagaireacht tar éis di an scoil a chríochnú, d’fhág sí an ghairm seo ina diaidh nuair a thosaigh sí ag obair mar mhainicín in Éirinn agus sa Ríocht Aontaithe.

Sa chlár teilifíse Love Island, ina raibh sí páirteach, bhain sí féin agus a stócach Curtis Pritchard an ceathrú háit amach. D’éirigh an lucht féachana doirte do Maura agus a béasa agus mar sin níorbh aon ionadh é go bhfuair sí dhá mhilliún leantóir roimh dheireadh na sraithe. Ina theannta sin, tugadh ardmholadh di mar “mhórphearsa fheimineach nua-aoiseach” mar gheall ar a dearcadh díreach ionraic, agus a dílseacht dá cairde. Fad is a bhí siad sa villa, tharraing siad clú orthu féin mar lánúin dheas, álainn agus ba léir do gach breathnóir gur réitigh siad go breá le chéile. Is damhsóir bálseomra é Curtis agus bhain sé an anáil de Maura le linn a gcuid ama sa villa. Lean siad ar aghaidh ag dul amach lena chéile ar feadh ocht mí go dtí gur chinn siad scaradh ó chéile i mí an Mhárta 2020. D’fhógair siad é seo ar Instagram agus bhí go leor leantóirí in ísle brí an drochscéala a chloisteáil.

Bhain Maura sult as toradh a saothair ó d’fhág sí an villa agus bíonn go leor tionscadail oibre ar siúl aici. Bhí sí ina hiomaitheoir ar chomórtas scátála oighir do cheiliúráin, Dancing on Ice in 2020. Níor leag sí cos ar oighear riamh agus ní raibh aon taithí aici mar rinceoir ach an oiread, mar sin bhí lúcháir an domhain uirthi an séú háit a bhaint amach. Ina theannta sin, bhí a clár féin aici ar Virgin Media darb ainm You’re joking me! agus chomh maith leis sin chuir sí Gradaim Theilifíse Náisiúnta i láthair in 2020, lena buachaill Curtis.

Bhain sí post amach freisin mar chomhairleoir croí chráite ar chlár a bhfuil an-chlú agus cáil air sa Ríocht Aontaithe, This Morning. Ar an gclár, thug sí comhairle ionraic, dhíreach do dhaoine, díreach mar a rinne sí nuair a bhain sí cáil amach ar an gclár Love Island. Ina theannta sin, chomhoibrigh Maura le go leor lipéad agus tithe faisin, tá sí tar éis a réimse féin d’éadaí a sheoladh le déanaí freisin. Lainseáil sí a bailiúchán smididh le mórchomhlacht scéimhe Inglot agus bhain sí neart socruithe urraíochta amach le brandaí móra eile. Creidtear gurb é glanfhiúchas Maura ná £1 milliún. Tá cónaí uirthi anois in árasán galánta, sómasach i lár Londan.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]