Mary Kenneth Keller

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search

Bean rialta Chaitliceach Rómhánach Meiriceánach, oideoir agus ceannródaí san eolaíocht ríomhaireachta a bhí in Mary Kenneth Keller B.V.M. (t. 191310 Eanáir 1985). Ar 7 Meitheamh 1965, in éineacht le Irving Tang in Ollscoil Washington, bronnadh an chéad dochtúireacht san ábhar sin sna Stáit Aontaithe uirthi. Thuill sí a céim ó Ollscoil Wisconsin-Madison. Inductive Inference on Computer Generated Patterns teideal a téis dochtúireachta.

A saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh Keller in Ohio sa bhliain 1913 nó 1914. Chuaigh sí isteach san ord úd Siúracha Carthanachta an Mhaighdean Mhuire Beannaithe sa bhliain 1932.[1] Thug sí a móideanna crábhaidh mar bhall de na Siúracha sa bhliain 1940.[2] Bhain sí céim baitsiléara san eolaíocht amach sa bhliain 1943 agus céim mhaistir eolaíochta sa bhliain 1953 in Ollscoil DePaul.

Sa bhliain 1958, thosaigh Keller ag obair i gceardlann an National Science Foundation san ionad ríomhaireachta i gColáiste Dartmouth, ionad a bhí teoranta ag an am do na fir. [3] Bhí sí páirteach ansin i bhforbairt na teanga ríomhchlárúcháin BASIC.[4][5]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]