Mary Anne Sadlier
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 31 Nollaig 1820 Muinchille |
Bás | 5 Aibreán 1903 82 bliana d'aois Montréal, Quebec |
Áit adhlactha | Reilig Chalvaire |
Faisnéis phearsanta | |
Reiligiún | An Eaglais Chaitliceach Rómhánach |
Gníomhaíocht | |
Gairm | file, scríbhneoir |
Teaghlach | |
Páiste | Anna T. Sadlier |
Gradam a fuarthas
| |
Scríbhneoir Éireannach ab ea Mary Anne Madden Sadlier (31 Nollaig 1820–5 Aibreán 1903). Foilsíodh tuairim is seasca úrscéal agus roinnt mhaith scéalta níos giorra óna peann. Scríobh sí do na himircí Éireannacha sna Stáit Aontaithe agus Ceanada, á spreagadh chun cloí leis an gcreideamh Caitliceach. Agus an sprioc sin á chur i bhfeidhm, phléigh sí téamaí gaolmhara mar an frith-Chaitliceachas, an Gorta Mór, an eisimirce agus an tseirbhís tí. Scríobh sí go minic faoin ainm "Mrs. J. Sadlier".
A beathaisnéis
[cuir in eagar | athraigh foinse]Rugadh í mar Mary Anne Madden ar ar an Muinchille, i gContae an Chabháin, in Éirinn.[1] I ndiaidh bás a hathar, ceannaí darbh ainm Francis, thug Mary Madden a haghaidh ar Mheiriceá Thuaidh ag cur fúithi in Sainte-Marthe, Québec sa bhliain 1844. Ba ansin a phós sí James Sadlier, foilsitheoir agus Éireannach, ar an 24 Samhain, 1846. Tháinig Sadlier in inmhe mar scríbhneoir i ndiaidh a pósta.[2] D'fhoilsigh Sadlier ocht leabhar déag i gCeanada—cúig úrscéal, cnuasach gearrscéalta, caiticeasma agus naoi n-aistriúchán ón Fhraincis—chomh maith le roinnt alt a thug sí saor in aisce d'iriseáin mar The Pilot agus American Celt.
Tar éis an tréimhse seo, bhog sise agus a fear céile go Cathair Nua-Eabhrac mar ar chaitheadh léi mar phríomhscríbhneoir Caitliceach.
I ndiaidh 9 bliana i Nua-Eabhrac, d'fhill Sadlier go Ceanada. Fuair sí bás ar 5 Aibreán 1903 i Montréal, Québec.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Leonard O.S.U., Seraphine. Immortelles of Catholic Columbian Literature, D. H. McBride, 1897, p. 19Teimpléad:PD-notice
- ↑ Meehan, Thomas. "Mary Anne Madden Sadlier." The Catholic Encyclopedia Iml. 13. Nua-Eabhrac: Robert Appleton Company, 1912. 8 Márta 2019Teimpléad:PD-notice
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |