Martin Hayes
(2008) | |
| Beathaisnéis | |
|---|---|
| Breith | 13 Samhain 1961 64 bliana d'aois |
| Gníomhaíocht | |
| Gairm | fidléir, ceoltóir |
| Seánra | Ceol na hÉireann |
| Uirlis | Veidhlín agus fidil |
| Lipéad ceoil | Green Linnet |
| Suíomh gréasáin | martinhayes.com |
Fidléir Éireannach mór le rá agus ball den sárghrúpa Gael-Meiriceánach The Gloaming is ea Martin Hayes (a rugadh i Machaire Rátha,[1] Contae an Chláir ar an 13 Samhain 1961).
Bhí sé ina bhall de Bhanna Céilí na Tulaí sna 1970idí-1980idí luath. Idir 1983-2005, bhí Hayes ina chónaí sna Stáit Aontaithe.
Gníomhach i saol an cheoil thraidisiúnta i Meiriceá agus go hidirnáisiúnta, is iomaí gradam atá buaite ag Hayes, lena n-áirítear Gradam Ceoil TG4. Is buaiteoir Chraobh na hÉireann ar an bhfidil in 1981 agus 1982 – duine de thriúr fidléirí a ainmníodh mar Sheaimpín na hÉireann ar an bhfidil sa rannóg shinsearach dhá bhliain as a chéile.[2]
Tá albaim go leor taifeadta ag Hayes –ina aonar, le Dennis Cahill agus le ceoltóirí eile.[3]
Dlúthdhioscaí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Martin Hayes (1993)
- Under The Moon (1995)
- The Lonesome Touch (1997, le Dennis Cahill)
- Live In Seattle (1999, le Dennis Cahill)
- Welcome Here Again (2008, Green Linnet #1233)
agus go leor eile
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ idir An Fhiacail agus An Tullach
- ↑ Ollscoil na Gaillimhe (2018). "Céimithe Oinigh 2018 Fógartha". www.universityofgalway.ie. Dáta rochtana: 2024-10-24.
- ↑ mar shampla, ghlac sé páirt in albaim de chuid an Afro Celt Sound System Seed.
| Is síol faoi dhuine Éireannach é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |