Spásárthach a lainseáil NASAna Stát Aontaithe i 1992 chun an pláinéad dearg Mars a iniúchadh níos géire mine, ar bheagán costais is maise: $1,000 milliún an costas a bhí air. Bhí gléasanna air chun an t-atmaisféar a thaifeach, an domhantarraingt air a thomhas go mion, imlíne a dhromchla a aimsiú, grianghraif chomh géar sin a ghlacadh den dromchla go bhféadfaí rudaí 3 m ar leithead a fheiceáil orthu, is na sonraí uile seo a chraobhscaoileadh ar ais ar Domhan. Lainseáladh an chéad spásárthach/fithiseoir i 1992 chun íomhánna ardtaifigh den dromchla a fháil agus an réimse maighnéadach pláinéadach is an t-atmaisféar a iniúchadh. Ach cailleadh gach teagmháil leis i 1993 cúpla lá roimh thuirlingt ar Mhars dó. Tá súil in airde ionaid chuí tuirlingthe a aimsiú i gcomhair spásárthaigh le daoine ar bord amach anseo.[1]
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir.
Is síol a bhaineann leis an spáis nó spáseitilt é an t-alt seo.Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.