Maredudd ab Owain Glyndŵr

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaMaredudd ab Owain Glyndŵr
Beathaisnéis
Breith14 haois
Bás15 haois
Teaghlach
AthairOwain Glyn Dŵr  agus Marred ferch Dafydd
SiblínGwenllian ferch Owain Glyndŵr, Alys ferch Owain Glyndŵr, Catrin ferch Owain Glyndŵr agus Gruffudd ab Owain Glyndŵr

Uasal agus mac Margaret Hanmer agus Owain Glyndŵr ab ea Maredudd ab Owain Glyndŵr. Creidtear gur ghlac sé páirt san éirí amach Glyndŵr sa Bhreatain Bheag idir 1400 agus 1416.

Luathshaol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Níl mórán eolas againn faoi leanbhaíocht pháistí Owain, agus níl a fhios againn dáta bhreithe Maredudd. Is dócha go raibh sé ró-óg chun páirt a ghlacadh le linn bhlianta níos luaithe an éirí amach. Níor ghabh na Sasanaigh Maredudd i rith na héirí amach, agus deirtear gur troid sé leis na Francaigh in aghaidh arm de chuid Anraí V Shasana ag Cath Agincourt sa bhliain 1415.

Tháinig sé ar ais chuig Tuaisceart na Breataine Bige, agus fórsa Albanach leis, timpeall sa bhliain 1416 chun daoine áitiúla a ghríosú. Shéan sé pardún ríoga dó féin agus a athair an chéad bhliain eile, a thairg oifigigh Rí Anraí V.

Pardún Ríoga[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa bhliain 1420, d’iarr Séan Lancaster, 1ú Diúc Bedford Maredudd ar fhreastalódh sé an Rí sa Normainn. Shéan sé é. Ghlac Maredudd pardún dó féin sa bhliain 1421. Dá bharr sin, creidtear go raibh a athair, Owain, marbh ag an pointe seo. Bheadh Owain Glyndwr ina sheanfhear, dá mbeadh sé beo fós.

Ní eol dúinn cad a tharla do Maredudd tar éis sin, cosúil lena athair.