Mangróbh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Mangroves ar oileán Moucha

Cuid mhaith crann trópaiceach is fothrópaiceach, neamhghaolta, a bhfuil a struchtúir is a mbitheolaíocht cosúil le chéile, a fhásann ar bhláir láibe ar an gcósta nó in inbhear abhann. Fréamhacha aerga (neomatafóir) acu uile, a chabhraíonn le haerú na bhfréamhacha ar thalamh báite. Ginidíonn na síolta is iad fós ar an máthairchrann, rud a ligeann dóibh bunú go tapa nuair a sceitear iad sa timpeallacht athraitheach taoide. Go minic clúdaíonn mangróibh fairsingí ollmhóra, ag foirmiú cineál oirirc fásra.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Mangróbh". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 437.