Maitias Séamas Ó Coinmhí

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search

I gcathair na Gaillimhe, 3 Feabhra 1766, a rugadh Maitias Séamas Ó Coinmhí (Ó Coinmhidhe). De mhuintir Ógáin a mháthair agus Gaeilgeoir dúchais ab ea nach raibh focal Béarla aige nó go raibh sé thar ocht mbliana d’aois, ós lena sheanmhuintir taobh amuigh den chathair a bhí sé ina chónaí. Bhí a mhuintir deisiúil; cuireadh ar scoil i nGaillimh é agus d’fhoghlaim sé Béarla, Fraincis, Laidin agus Gréigis, in éineacht le rince agus pionsóireacht. Bhí sé thar barr mar dhornálaí agus mar snámhóir. Sagairt Abhistíneacha is mó a chuir oideachas air, cé go raibh raibí mar mháistir príobháideach aige.

In aois a sé déag rinneadh printíseach d'aturnae de chuid mhuintir Bhrianach. Rinneadh iarracht ar an mBrianach a thógáil lá agus an bheirt acu ag déanamh ar Bhaile Átha Cliath; throid siad seisear constábla agus d’éalaigh, agus chuir athair Maitias go dtí oileán Grenada sna hIndiacha Thiar é. I seilbh na Fraince a bhí Grenada, ach ba ghearr go bhfuair Sasana greim air. D’imigh Ó Coinmhí leis agus shroich sé Philadelphia i dtús na bliana 1784 in aois a ocht mbliana déag. Fógra Saoirse Mheiriceá a mheall é ó bhí Stáit Aontaithe Mheiriceá ann le hocht mbliana.

Imreoirí liathróide de chuid na Seactach (Choctaw) agus na Lacótach (Lakota). D'fhoghlaim Ó Coinmhí teangacha a leithéidí. George Catlin a rinne an pictiúr sna 1830í

Saol Meiriceánach a bhí aige as sin amach: é ar fiannas i mílíste Pennsylvania, ina thrádálaí leis na hIndiacha, ina mháistir scoile, agus ina thaistealaí. Phós sé bean an-óg arbh as Corcaigh dá máthair, agus bhí iníon leo, Cecelia, ar bhunaitheoirí Siúracha na Carthanachta i Meiriceá. Thug sé tamall i bPittsburgh agus bhain amach New Orleans, áit a raibh faill aige leis an gcreideamh a chleachtadh gan dua: Caitliceach tréan ab ea Ó Coinmhí i gcónaí.

Chuir sé foclóir Spáinnise i dtoll a chéile, agus nuair a bhí sin críochnaithe aige sa bhliain 1812 thosaigh sé ar fhoclóir Béarla-Gaeilge. Is leis a chaith sé formhór a shaoil as sin amach, agus lámhscríbhinn thoirtiúil atá ann. Theip air foilsitheoir a fháil dó de bharr a mhéid, rud a ghoill air go mór. An Foclóir Béarla-Gaoidheilge a thug sé air, agus tuairim is 14,000 focal Gaeilge ann – sin 50,000 slipeanna nó cártaí eolais.

Is cosúil go raibh eolas éigin aige ar thuairim is céad teanga, agus teangacha Indiacha ina measc.

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Mac Aonghusa, Proinsias, ‘An Ghaeilge i Meiriceá’ as Go Meiriceá Siar - Na Gaeil agus Meiriceá: cnuasach aistí, Stiofáin Ó hAnnracháin (eag.). An Clóchomhar Tta 1979.

Naisc[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]