Maisticítí
Appearance
Tugtar maisticítí ar chealla le gráinníní iontu a chuimsíonn hiostaimín, heipirin, is ceimiceáin eile. Níl siad i láthair sa bhfuil, ach bíonn siad sa bhfíochán scaoilte tacaíochta mórthimpeall na bhfuileadán is na soitheach limfeach, go príomha sa chonair riospráide agus conair an díleá. Cuireann aon ghortú d'fhíochán nó aon ionfhabhtú tús le fuascailt na n-ábhar sna gráinníní sna maisticítí, agus cuireann sé sin freagairt athlasta nó ailléirgeach ar siúl.[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Maisticítí". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 434.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |