Mais chriticiúil (rothaíocht)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Mais chriticiúil i bPrág, 22 Meán Fómhair 2007.

Is éard is Mais Chriticiúil ann ná imeacht rothaíochta a cuirtear ar siúl de ghnáth ar an Aoine dheireanach de gach mí i níos mó ná 300 cathair ar fud an domhain. Bunaíodh í ar dtús sa bhliain 1992 i San Francisco. Ní bhíonn cuspóir an imeachta curtha ar bhonn go foirmiúil de ghnáth, thar an gníomh díreach 'teacht le chéile' ag suíomh agus am áirithe agus taisteal mar ghrúpa trí shráideanna cathrach nó baile ar rothair. Bíonn grúpa gníomhaíoch bainteach le roinnt imeachtaí móra mar atá i mBúdaipeist, an Ungáir, a n-eagraíonn na turais agus a bpléann mianta agus fadhbanna na rothaithe leis an chomhairle chathrach.